Seacht nDólá s na Maighdine Muire-Mary Mc Laughlin

Seacht nDólá s na Maighdine Muire

时间:1998-02-01

    使用手机浏览器「扫一扫」

    在手机上保存,获得更好体验

标签
猜你喜欢的歌曲
歌词

Seacht Ndólás Na Maighdine Muire - Mary McLaughlin

An chéad dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

Caipíní dubha air is na Iúdaigh á ghreadadh

An dara dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

Léine gharbh róin air is a chraiceann á stracadh

Aililiú ó Íosa aililiú is tú mo leanbh

Aililiú ó Íosa is tú rí gheal na bhflaitheas

An tríú dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

É ar an gcrois chéasta is na tairní á ghearradh

An tríú dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

É ar chrann na croise ag fáil na ngrásta dár n-anam

Aililiú ó Íosa aililiú is tú mo leanbh

Aililiú ó Íosa is tú rí gheal na bhflaitheas

An cúigiú dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

A cheann ar bharr spíce ag tabhairt a chuid fola

An séú dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

É ina hucht ghléigeal is é sínte fuar marbh

Aililiú ó Íosa aililiú is tú mo leanbh

Aililiú ó Íosa is tú rí gheal na bhflaitheas

An seachtú dólás a bhí ar an Maighdean

Nuair a torraíodh a leanbh

É sínte san uaigh is na leacracha air trasna

Aililiú ó Íosa aililiú is tú mo leanbh

Aililiú ó Íosa is tú rí gheal na bhflaitheas

Aililiú ó Íosa aililiú is tú mo leanbh

Aililiú ó Íosa is tú rí gheal na bhflaitheas

展开显示全部歌词