
在手机上保存,获得更好体验
Ó rachaidh mé ar an aonach agus ceannóidh mé bó
Ó rachaidh mé ar an aonach agus ceannód dhá bhó
D'ólfainnse scilling agus d'imireoinn coróin
Is cad é sin don té sin ná baineann san leo?
Bog cider, bog cider, bog cider le n-ól
Bog cider le roinnt is bog cider go leor
Dá gcuirfinn mo sheanbhríste ins an ngríosaigh á dhó
Ar ndóin, cad é sin don té sin ná baineann san leo?
Tá cailín donn deas gurb ainm di Mór
A grua mar an eala is a leaca mar rós
Is má bhímse á mealladh is go ndruideann sí im threo
Ar ndóin, cad é sin don té sin ná baineann san leo?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earraí, gan éadaigh, gan bólacht nó stór
Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Bog cider, bog cider, bog cider le n-ól
Bog cider le roinnt is bog cider go leor
Dá gcuirfinn mo sheanbhríste ins an ngríosaigh á dhó
Ar ndóin, cad é sin don té sin ná baineann san leo?