
时间:2025-03-21
在手机上保存,获得更好体验
Cailín Deas Crúite na mBó (The Pretty Girl Milking the Cow) - Mary McLaughlin
Composed by:Trad. Arr. Mary Mc Laughlin
Tá bliain is níos mó agam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin
Ó casadh liom gra gheal mo chléibhe
Tráthnóna beag déanach sa bhFómhar
Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimeach
Is na héanlaith go meidhreach le cheol
Is ar bhruach an t-srutháin ar leath-thaobh díom
Bhí an cailín deas crúite na mbó
Tá a súile mar lonradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoidh
Is is deirge a grua ná na caortha
Ar lasadh i measc craobha na gcnoc
Tá a béilín níos milse ná sméartha
Is is gile ná leamhnacht a snó
Níl óigbhean níos deise sa tsaol so
Ná an cailín deas crúite na mbó
Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht
Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós
Is daoirseach dubhrónach mo shaolsa
Gan suaimhneas gan éifeacht gan treo
Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn
Ná suaimhneas orm oíche ná ló
Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir
Mo cailín deas crúite na mbó