Cad É Sin Don Té Sin(It's Nobody's Business)-Na Casaidigh

Cad É Sin Don Té Sin(It's Nobody's Business)

歌手:Na Casaidigh

时间:2012-06-22

    使用手机浏览器「扫一扫」

    在手机上保存,获得更好体验

标签
歌词

Cad É Sin Don Té Sin(It's Nobody's Business) - Na Casaidigh

Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Má théi'm go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó

'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó

Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Má théimse chuig airneál is rince is spórt

Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt

Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh

Gan earra gan éadáil gan bólacht ná stór

Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Tá aithne agam ar chailín deas cheasta is cóir

A píob mar an eala 's a leacain mar rós

Má bhíonn sí is mise un inid faoí sheol

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t airgead 's má bhronnaim an t ór

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Má ólaim an t airgead 's má bhronnaim an t ór

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

展开显示全部歌词